Irish multimedia cd title available at Fios Feasa
The title Boghaisín na bhFocal is on special offer for the month of January. Normally priced at €45, it is now available for only €30! That's one-third off!
Boghaisín na bhFocal is a two CD-ROM package of games for early years reading.
Click here for more information or to place an order.
Gnáth-phraghas €45, tairiscint speisialta do mhí Eanair: €30!
Is pacáiste de chluichí léitheoireachta do na blianta tosaigh é Boghaisín na bhFocal. Tá dhá CD-ROM sa phacáiste, ceann don mhúinteoir (7 gcluiche) agus ceann do na daltaí (9 gcluiche).
Tá cluichí ar nós biongó, dísle, cártaí, meaitseáil, cros agus náid, nathracha is dréimirí, agus a thuilleadh ar Bhoghaisín na bhFocal; cuid acu le himirt ar an scáileán, agus cuid acu le priontáil. Is féidir leis na daltaí cluichí aonair a imirt, nó cluichí beirte, nó cluichí do ghrúpaí beaga, nó cluichí don rang ar fad.
Úsáidtear breis agus 3,000 focal agus frása sna cluichí, fáiscthe as na leabhair is mó a úsáidtear sna scoileanna, agus taifeadta as trí chanúint. Tá siad roinnte ar sé leibhéal de réir cumais, agus is féidir liostaí airithe focal a phiocadh amach do na cluichí bunaithe ar an leibhéal nó ar leabhar indibhidiúil féin. Is féidir leis na múinteoirí a liostaí féin a chruthú chomh maith.